oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Gaeilgeoirí Rang A 5!!!

A Chairde, tá áthas orainn i Rang a 5 an scéal a fhógairt go bhfuil sár-iarracht á dhéanamh againn i leith na Gaeilge. . . 

 

 

Tá ag éirí go maith linn agus tá neart Cartaí Glasa bailithe againn faoin am seo, ach níos tábhachtaí ná sin tá snas agus saibhreas ag teacht ar ár gcuid cainte! Cé gur bhuaigh roinnt daltaí an gradam mór le rá “Gaeilgeoir Na Seachtaine” is fíor go cinnte go bhfuil gach aon duine ag feabhsú agus tá ár seacht ndícheall a dhéanamh againn ar fad.

Gaeilgeoirí R5

 

 

Bhí an t-ádh dearg linn i rith na seachtaine seo caite gur éirigh linn dul amuigh faoin aer agus, ár mbuíochas le Múinteoir Nóirín, crann coill a chuir sa talamh. Ba rud fíordheas é seo, ach go hairithe ar Lá na gCrann agus tá sé go deas a bheith ag foghlaim faoin nádúr. Fuaireamar freisin roinn cúnamh ó dhaltaí ón naíonra. Faoin am go mbeidh siad i Rang A Sé, beidh ár gcrann breá ard!

 

Crann Óg Ranga!

 

 

Tá seanfhocail, nathanna, amhráin agus níos mó ar bharr teanga gach páiste inár rang. Táimid ag foghlaim óna chéile: “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!”

 

Gaeilgeoir Na Seachtaine 9/10/2015

Gaeilgeoir Na Seachtaine 9/10/2015

 

 

grá

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers